Tá an baile beag Los Corrales suite sna bunchnoic de chuid
shliabhraon Serranía de Ronda, i gcoirneál oirdheisceart an
réigiúin La Campina i gCúige Sevilla atá cóngarach do Chúige
Málaga. Talamh méith feirmeoireachta atá ann nár milleadh
riamh de dheasa an tionscail agus na turasóireachta, áit a
bhfuil fíorchultúr na Spáinne le feiceáil, áit ar coinníodh
traidisiúin na tuaithe beo in ainneoin athruithe an tsaoil
inniu agus a bhfuil an ceol flamenco le cluinstin go fada
fairsing inti.
Treoracha
ó Aerfort Malaga:
Gabh amach as an aerfort agus lean na comharthaí do Malaga.
Lean na comharthaí do Antequera agus Motril. Tiocfaidh tú
chomh fada leis an mhótarbhealach do Sevilla, Granada agus
Almeria. Lean ar aghaidh ar an bhóthar ó thuaidh (A45) do
Sevilla. Gabh amach ag acomhal 146 (áit a bhfágfaidh tú
an bóthar do Campillos/Antequera). Gabh chuig Campillos
agus chomh luath agus a rachaidh tú tríd an bhaile, gabh
ar an dara bóthar ar thaobh do láimhe deise, áit a bhfuil
an cuaille eolais Los Corrales/Martin De La Jara le feiceáil.
Gabh ar an bhóthar seo agus lean ar aghaidh go dtí an deireadh,
áit a dtiocfaidh tú go hAcomhal "T". Cas ar clé
agus tiocfaidh tú thar staisiún peitril ar thaobh do láimhe
deise, agus lean ar aghaidh go dtí an timpeallán. Tá tú
os comhair an Hostal Villa Cabreros amach anois.
Ó
Aerfort Granada:
Gabh amach as an aerfort agus lean na comharthaí do Sevilla,
lean ar aghaidh ar an mhótarbhealach go hAcomhal 146, áit
a bhfágfaidh tú an mótarbhealach do Campillos/Antequera.
Anois bain úsáid as na sonraí céanna thuas mar atá sna treoracha
ó Aerfort Malaga.
Ó
Aerfort Sevilla:
Gabh amach as an aerfort agus gabh ar an bhóthar isteach
go Sevilla, lean na comharthaí do Granada, A92, agus Malaga,
beidh tú ar an A92 anois; lean ar aghaidh go dtí Osuna.
Ag an acomhal 82, áit a bhfágfaidh tú do El Saucejo (A441),
gabh ar aghaidh go dtí go dtiocfaidh tú chuig an Timpeallán
idir El Saucejo agus Navarredonda. Cas ar clé agus gabh
trí Navarredonda, lean ar aghaidh i dtreo Los Corrales.
Gabh go díreach ar aghaidh trí Los Corrales go dtí go dtiocfaidh
tú chuig an tríú timpeallán; tá tú os comhair an Hostal
Villa Cabreros amach anois.
|